top of page

Literacy Learnings Léargais Litríochta

Sadhbh Devlin.jpg

Údar:  Sadhbh Devlin

Leabhar:  Geansaí Otto

1. Cad í an chuimhne is luaithe atá agat maidir le léitheoireacht?

An chéad focal is cuimhim liom bheith in ann a aithint agus a ‘léamh’ liom féin ná an focal ‘Snowflake’ a bhí scríofa ar an chuisneoir a bhí again nuair a bhí mé an-an-óg. Ach, tá cuimhní láidre agam freisin faoi bheith suite ar ghlúin mo shean-mháthair agus í ag léamh liom. Ní cuimhin liom cén leabhar a bhí ann, ach is cuimhin liom go gcuirfinn stop lei go minic nuair a thaitin fuaim focail ar leith liom agus d’iarfainn uirthi é a ath-rá agus é a thaispeáint do mar an leathnach. Is dócha go raibh grá agam d’fhocail ó thús!

 

2.  Cathain a thosaigh tú ag scríobh i gcomhair lucht léitheoireachta den chéad uair?

Thosaigh mé ag scríobh agus mé i mo dhéagóir ar dtús. Bhí dán nó dhó liom foilsithe in iris a bhíodh ag Youth Theatre Ireland agus bhí gearrscéal liom foilsithe nuair a bhí mé sa chéad bhliain ar an ollscoil. D’fhoilsigh mé cúpla irisí beaga féin-fhoilsithe (zines) agus mé i mo luath-fichidí freisin, ach ar feadh tréimhse suntasach ina dhiaidh sin níor scríobh mé mórán ar chor ar bith. Bhíos ag obair go lán-aimseartha agus níor chreid mé go raibh maitheas ar bith le mo chuid scríbhneoireachta taobh amuigh de chaitheamh aimseartha a thaitin liom. Nuair a thosaigh me ag scríobh blag rialta i 2009, thit mé i ngrá leis an scríbhneoireacht arís eile. Nuair a cuireadh ar iomarcaíocht mé ón jab lán-aimseartha i 2014 bheartaigh mé díriú ar an scríbhneoireacht go dáiríre. Níor bhreathnaigh mé siar ó shin!

3. Cén leabhar is mó a chuaigh i bhfeidhm ort mar scríbhneoir óg? Cén fáth?

Tá sé deacair ach leabhar amháin a roghnú! Tá an-chuid leabhar a léigh mé nuair a bhí mé óg agus a bhfuil tionchar acu orm go fóill. Bhí mé iomlán gafa le The Borrowers le Mary Norton (agus is cinnte go raibh tionchar aige sin ar mo leabhar Beag Bídeach!) agus bhí mé an-tógtha freisin le The Hounds of the Morrigan le Pat O’Shea agus an tsraith ‘Giltspur’ le Cormac Mac Raois. Spreag na leabhair sin an spéis atá agam i miotaseolaíocht na hÉireann agus thug siad inspioráid dom d’ábhar atá scríofa agam do dhaoine fásta. Tá a lán leabhair eile a chuaigh i bhfeidhm orm, áfach!

4. Cén comhairle a thabharfá do scríbhneoir óg?

Bí ag léamh! Léigh gach rud! Leabhair de gach chineál agus seánra, coimicí, an nuachtáin, cúl an bosca calóga arbhar. Tá spreagadh le baint as gach cineál scríbhneoireachta.

Bí ag scríobh! Ach ná bí ró-bhuartha faoi bheith ‘go maith’ ag an scríbhneoireacht. Tá sé níos tábhachtaí go mbeadh tú ag baint taitneamh as ag an tús.

 

5. Cad é an rud is deacra faoi bheith ag scríobh i gcomhair lucht léitheoireachta comhaimseartha?

Tá teacht ag lucht léitheoireachta comhaimseartha na hÉireann ar leabhair d’ard-ard chaighdeáin gan srian. Tá leabhair sa Bhéarla ag teacht ó fhoilsitheoirí na hÉireann, ó Mheiriceá, ón Ríocht Aontaithe agus aistrithe ó thíortha eile freisin. Tá comórtas fíochmhar ann aird an phobail tharraingt ar leabhar ar bith – gan trácht ar leabhar atá scríofa i nGaeilge. An dúshlán atá agamsa ná leabhair atá ar an ard-chaighdeán céanna (ar a laghad!) leis na leabhair eile atá ar an margadh a chruthú agus léitheoirí a mhealladh le triail a bhaint as leabhar Gaeilge a léamh.

6. Cad í an ghné is fearr faoi bheith ag scríobh i gcomhair lucht léitheoireachta comhaimseartha?

Tá dearcadh níos dearfaí ag muintir na hÉireann i leith na Gaeilge ná mar a bhí le fada an lá. Tá an-ghrá ag muintir na hÉireann do leabhair freisin. Is breá liom go bhfuil an deis agam leabhair a chruthú do léitheoirí na tíre seo agus is cúis bróid dom go bhfuil an cuma air go dtaithníonn siad le daoine!

7. Céard a spreag tú chun an leabhar Geansaí Ottó a scríobh?

Nuair a bhí mé óg, bhí an-chuid daoine i mo theaghlach a rinne cniotáil dom. Rinne mo mhamaí geansaithe, geansaithe, geansaithe dom. Rinne mo mhamó cairdeagain, hataí agus miotóga dom. Rinne mo shin-shean-mhamó na mílte stocaí dom. Domsa, is ionann an ghrá agus an chniotáil!

8. Céard a d’fhoghlaim tú ón bpróiseas a bhain le scríobh an leabhair seo?

Nach bhfuil an foighne agam mórán cniotáil a dhéanamh mé féin!

bottom of page