
Literacy Learnings
Léargais Litearthachta

Údar: Áine Ní Ghlinn
Leabhar: Na Trí Mhuicín
1. Cad í an chuimhne is luaithe atá agat maidir le léitheoireacht?
Agus mé trí bliana d’aois thug m’athair ar scoil mé. B’é siúd an máistir agus cuireadh i mo shuí le mo dheirfiúr mór mé i seomra an mháistír. (Bhí mé ró-óg fós do na naíonáin bheaga.)
Ní raibh ach dhá sheomra sa scoil – Rang 3 go Rang 6 i seomra an mháistir agus na bunranganna sa seomra eile. Is cuimhin liom a bheith ag éisteacht le Rang 5 & 6 ag léamh Jimín Mháire Thaidhg (An Seabhac) os ard. Bhaineas an oiread sin spraoi as rógaireacht Jimín gur theastaigh uaim bheith in ann é a léamh dom féin. Chuireas brú orm féin ansin le go mbeinn in ann léamh. (Ar ndóigh do ghlac sé tamall sula rabhas in ann Jimín a léamh).
Thagadh veain leabharlainne chun na scoile uair sa mhí. Thugadh an leabharlannaí taistil na seanleabhair leis agus d’fhágadh sé 100 leabhar nua sa scoil. Nuair a bhíos in ann léamh i gceart chuirinn brú orm féin gach leabhar sa leabharlann a léamh sula ndéanfaí iad a athrú arís.
2. Cathain a thosaigh tú ag scríobh i gcomhair lucht léitheoireachta den chéad uair?
Thosaigh mé ag scríobh agus mé an-óg. Bhíodh dánta agus scéalta beaga á gcumadh agam i gcónaí ach thosaigh mé ag cur dánta chuig irisí agus mé i mBliain 1 san ollscoil. Foilsíodh dánta de mo chuid san iris Comhar agus in irisí ollscoile éagsúla. Foilsíodh mo chéad chnuasach filiochta agus mé sna fichidí. Bhíodh scéalta á scríobh agam freisin do pháistí ach an uair sin ní bhíodh á bhfoilsiú do pháistí ach aistriúcháin ó theangacha eile. Ansin thosaigh O’Brien Press agus An Gúm ar thogra a bhí réabhlóideach ag an am – scéalta nuascríofa Gaeilge a fhoilsiú do léitheoirí óga. D’fhoilsigh O’Brien Press Daifní Díneasár agus d’fhoilsigh An Gúm An Leaba Sciathánach. Ina dhiaidh sin ghlac siad le níos mó scéalta uaim agus diaidh ar ndiaidh thosaigh tithe foilsitheoireachta eile ag cur spéise i leabhair do léitheoirí óga.
3. Cén leabhar is mó a chuaigh i bhfeidhm ort mar scríbhneoir óg? Cén fáth?
Chuaigh Jimín Mhaire Thaidhg i bhfeidhm go mór orm mar gur chuala mé é á léamh os ard. Aisteach go leor, cé go raibh an-spéis acu sa litríocht, ní cuimhin liom mo thuismitheoirí ag léamh os ard dom riamh.
Bhí leabhar Béarla agam a thaitin go mor liom - Bobalink and Bunty agus sílim go raibh sé ar an gcéad leabhar Béarla a léigh mé go neamhspleách. Léigh mé na clasaicí go léir freisin – Heidi, What Katie Did, Jane Eyre, srl. Chuaigh an-chuid scríbhneoirí i bhfeidhm orm – Enid Blyton ina measc. Bhíodh Daidí na Nollag thar cionn gach bliain agus thugadh sé cúpla leabhar nua dom iI gcónaí.
4. Cén comhairle a thabharfá do scríbhneoir óg?
Mholfainn do scríbhneoir óg a bheith ag léamh agus ag léamh agus ag léamh. Léigh gach saghas leabhair – ficsean, neamhfhicsean, filíocht. Diaidh ar ndiaidh déanfaidh tú cinneadh maidir le cén sórt leabhair a theastaíonn uait féin a scríobh.
Mholfainn freisin leabhar nótaí a bheith agat agus aon smaointe a thagann isteach i do cheann, breac síos iad sula ndéanann tú dearmad orthu. Is féidir teacht ar ais chucu sa leabhar nótaí nuair a bheidh an t-am agat – ach mura bhfuil siad breactha síos agat beidh siad imithe go deo.
5. Cad é an rud is deacra faoi bheith ag scríobh i gcomhair lucht léitheoireachta comhaimseartha?
An dúshlán is mó ná léitheoiri óga a mhealladh ón scáileán agus iad a mhealladh i dtreo na leabhar agus i dtreo na leabharlainne. Bíonn sé dúshlánach freisin daoine óga a spreagadh chun leabhair Ghaeilge a léamh mar go bhfuil rogha níos leithne acu sa Bhéarla.
6. Cad í an ghné is fearr faoi bheith ag scríobh i gcomhair lucht léitheoireachta comhaimseartha?
Is aoibhinn liomsa a bheith ag scríobh do léitheoirí óga agus is breá liom a bheith ag caint leo faoi leabhair. Nuair a théim isteach i scoileanna chun ceardlanna léitheoireachta nó ceardlanna scríbheoireachta a dhéanamh leo bíonn ceisteanna an-spéisiúla acu faoi phróiseas na scríbhneoireachta.
7. Céard a spreag tú chun an leabhar Na Trí Mhuicín a scríobh?
Bhí dhá dhráma véarsaíochta scríofa agam do pháistí faoi na muca seo – ceann leis an mbéim ar na muca agus ceann eile leis an mbéim ar an mactíre. Nuair a chonaic mé an chéad leabhar sa tsraith seo (An Slipéar Gloine) shíl mé go bhféadfai scéal véarsaíochta a chumadh faoi na Trí Mhuicín. Bhi comhrá agam le Futa Fata agus thosaíomar ag obair air.
8. Céard a d’fhoghlaim tú ón bpróiseas a bhain le scríobh an leabhair seo?
D’fhoghlaim mé go mbíonn próiseas éagsúil ag gach foilsitheoir. Ní hionann an próiseas oibre a bhíonn ag Futa Fata agus a bhíonn ag foilsitheoirí eile ar oibrigh mé leo. Bíónn a mhodh oibre féin ag gach teach foilsitheoireachta – iad ar fad chomh maith céanna ach iad iomlán éagsúil óna chéile.