Literacy Learnings
Léargais Litearthachta
Údar: Fearghas Mac Lochlainn
Leabhar: An Slipéar Gloine
1. Cad í an chuimhne is luaithe atá agat maidir le léitheoireacht?
Is cuimhin liom a bheith ag léamh leabhair a bhí faighte ar iasacht agam ón leabharlann áitiúil. Ní cuimhin liom cén teideal a bhí ar an leabhar ach scéal faoi chapaillín beag a bhí ann. Bhí capall nua faighte ag an bhfeirmeoir, capall mór láidir, agus ní raibh aon mheas ar an gcapaillín beag ní ba mhó. Is cuimhin liom go raibh deoir le mo shúil agus mé ag cur cur ceist ar mo mháthair faoi fhocal a bhí sa leabhar, an focal ‘ice’. An geimhreadh a bhí ann agus sa scéal seo, bhí leac oighir ar an loch. Bhris an leac oighir agus bhí máistir na gcapall i gcontúirt a bháite. Ach mar gheall go raibh an capaillín beag agus éadrom bhí sé in ann siúl amach ar an leac oighir agus a mháistir a shábháil, rud nach bhféadfadh an capall mór a dhéanamh. M’anam go raibh meas ar an gcapaillín beag ina dhiaidh sin! Is cuimhin liom go ndeachaigh an scéal i bhfeidhm go mór orm ag an am!
2. Cathain a thosaigh tú ag scríobh i gcomhair lucht léitheoireachta den chéad uair?
Thosaigh mé ag cumadh agallaimh bheirte agus lúibíní do na comórtais ardáin a bhíonn ar siúl le linn Fhéile Oireachtas na Gaeilge den chéad uair sna 1990aidí agus tá mé ag cumadh ó shin. Spreag an t-aischothú a fuair mé ón lucht éisteachta, an spraoi agus an gáire mé le coinneáil orm.
3. Cén leabhar is mó a chuaigh i bhfeidhm ort mar scríbhneoir óg? Cén fáth?
Gearrscéalta an Phiarsaigh. Cnuasach gearrscéalta le Pádraic Mac Piarais, curtha in eagar ag Cathal Ó hÁinle agus foilsithe ag Cló Thalbóid. Bhí na scéalta scríofa i stíl an-nádúrtha agus simplí, agus bhí an-saibhreas Gaeilge sna scéalta.
4. Cén chomhairle a thabharfá do scríbhneoir óg?
Scríobh faoin rud a bhfuil tú ar so chompord faoi. Scríobh faoin rud a bhfuil suim agat féin ann. Scríobh faoin rud a bhfuil tú spreagtha, bíogtha faoi.
5. Cad é an rud is deacra faoi bheith ag scríobh i gcomhair lucht léitheoireachta comhaimseartha?
Scríobhaimse lúibíní, amhráin nuachumtha, amhráin saothair agus agallaimh bheirte. Is é an sprioc a bhíonn agam, gáire a bhaint amach. Scríobhaimse do lucht éisteachta den chuid is mó, seachas do lucht léitheoireachta. Ní bhreathnaím ar an scríbhneoireacht mar leabhar atá leagtha ar an tseilf ach mar ábhar atá beo, ábhar a chaithfear a aithris amach os ard le sásamh ceart a bhaint as. Triailim scríobh faoin rud a thaithneodh le gach aoisghrúpa, leis an bpáiste óg agus leis an seanduine chomh maith céanna. Tá sé tábhachtach dom go mbeadh an t-ábhar feiliúnach do gach aoisghrúpa. Is féidir a bheith greannmhar gan a bheith ag braith ar gháirsiúlacht ná ar ghimicí. Triailim mo phointe a chur trasna go gonta, agus go fileata ag an am céanna. Is é an dúshlán, an chothramaíocht cheart a fháil.
6. Cad í an ghné is fearr faoi bheith ag scríobh i gcomhair lucht léitheoireachta comhaimseartha?
I mo chás féin is ag scríobh do lucht éisteachta a bhím ag scríobh, do lucht éisteachta beo. Sin é a insíonn go bhfuil se tábhachtach go mbeadh an scríobh agus an cur i láthair fuinniúil, bríomhar, spraíúil agus spreagúil le suim an lucht éisteachta a choinneáil. Nuair a éiríonn leat an lucht éisteachta a thabhairt leat, agus nuair a bhaineann tú amach an gáire, tugann sé sin an-sásamh go deo duit.
7. Céard a spreag tú chun an leabhar An Slipéar Gloine a scríobh?
Tháinig eagarthóir an chomhlachta fhoilsitheoireachta Futa Fata, Tadhg Mac Dhonnagáin, chugam agus d’fhiafraigh sé díom an mbeadh suim agam tabhairt faoin seanscéal ‘Luaithrín’ a scríobh i bhfoirm véarsaíochta mar phictiúrleabhar. Ó tharla go raibh mé ag scríobh lúibíní agus agallaimh bheirte ar feadh na mblianta, thaitin an smaoineamh go mór liom agus bhí mé an-sásta tabhairt faoin dúshlán.
8. Céard a d’fhoghlaim tú ón bpróiseas a bhain le scríobh an leabhair seo?
D’fhoghlaim mé an t-uafás ón bpróiséas a bhain le scríobh an leabhair seo! Is leabhar 32 leathanach é ‘An Slipéar Gloine’ agus bhí orm ar dtús báire an scéal a phleanáil agus a leagan amach taobh istigh den struchtúr seo. Ó tharla gur pictiúrleabhar do pháistí é, bhí orm oibriú amach ansin cén ‘radharc’ a bheadh ar gach leathanach le go mbeadh an t-eolas sin ag an ealaíontóir (Paddy Donnelly) roimh ré. Bhí orm treoracha a thabhairt do Phaddy (i mBéarla) ag insint dó cén radharc a bheadh ar gach leathanach. Uaidh sin amach bhí an bheirt againn ag obair go neamhspleách ó chéile!
Bhí ormsa tosú ag cumadh ansin, véarsa nó dhó ar a mhéad ar gach leathanach. Bhí orm an radharc ar gach leathanach a chur in iúl go gonta i bhfoirm véarsaíochta.
Nuair a bhí an chéad dréacht déanta agam chuir mé faoi bhráid an eagarthóra é. Bhí roinnt leasuithe le déanamh ansin. Bhí athruithe ag teastáil chun an rithim a fheabhsú anseo agus ansiúd. Bhí an Ghaeilge róchanúnach in áiteanna agus b’éigean í sin a leasú chun go mbeadh an Ghaeilge níos caighdeánaí. D’oibrigh mé féin agus an t-eagarthóir le chéile ansin agus bhí roinnt anonn is anall eadrainn go dtí go raibh an bheirt againn lán sásta sa deireadh!